Cartlann

Archive for the ‘Eagarthóireacht’ Category

Ag réiteach do bhlagsa

Meán Fómhair 15, 2010 Freagra

An chéad rud a rinne mé agus mé ag socrú suas an blag seo ná gur athraigh mé an “téama”, is é sin an scéim dathanna agus clónna. Is féidir é sin a dhéanamh trí chliceáil ar “Design” agus “Themes”. Tá iliomad dathanna agus clónna gur féidir a roghnú. Ní gá ach cliceáil ar cheann a thaithníonn leat agus léireofar sampla den cuma a bheidh ar do bhlagsa faoin téama sin. Má thaitníonn sé leat, cliceáil ar “Activate this theme” a bhíonn le feiceáil ar bharr ar dheis den scáileán.

Má tá sibh ag iarraidh naisc go dtí blaganna bhur gcomhghleacaithe a shocrú suas (mar atá déanta agam ar an mblag seo), is féidir iad seo a shocrú suas faoi “Manage” agus “Links” agus ansin na dintiúirí sa tábla thíos a úsáid.

Tugaigí faoi deara nuair a fhágtar nóta le iontráil (ar nós mar a rinne mé libh níos luaithe inniu) nach léirítear an nóta sin ar do bhlag go dtí go dtugann tusa cead é sin a dhéanamh – beidh teachtaireacht éigin ann ar nós “1 comment awaiting moderation” agus caithfidh tusa cliceáil go bhfuil an nóta sin sásúil sula bhfoilseofar é.

Advertisements
Ranganna:Eagarthóireacht

Fáilte romhaibh

Meán Fómhair 14, 2010 Freagraí: 4

A Chairde,

Rinne sibh an-obair inné.  Beidh an blag seo in úsáid mar bhlag riaracháin don mhodúl.  Beidh Laoise socraithe suas mar chomh-riarthóir ar an mblag.  Scríobhfar cúpla iontráil le cabhrú libh dul i dtaithí ar thimpeallacht WordPress agus le sibh a threorú i dtreo foinsí Idirlín a thugann tuilleadh treoracha den chineál seo.  Is dóigh gurb é an chéad áit le breathnú ná faoin nasc “Help” atá thuas ar thaobh na láimhe deise den scáileán.  Is fiú breathnú ar YouTube freisin, áit a bhfuil an-chuid físeáin theagaisc maidir le blag a shocrú suas le WordPress.  Bí cinnte go bhfuil sibh ceangailte tríd an mbanda leathan má tá sibh ag breathnú ar YouTube.
Seo thíos na dintiúirí faoi na blaganna a cruthaíodh go dtí seo:

Ainm Ainm Úsáideora Blag
Blag ranga nmacu & pt803 https://mapt2010.wordpress.com/
Séamus sfocoileain http://sfocoileain.wordpress.com
John jonnt http://jonnt.wordpress.com
Eimear eimearnic http://eimearnic.wordpress.com
Julie julieof http://julieof.wordpress.com/
Sinéad sineadnimhearnog http://sineadnimhearnog.wordpress.com
Chris criostoirohulgin http://criostoirohulgin.wordpress.com/
Cormac ofeinneadha http://ofeinneadha.wordpress.com/
Marie nichriodain http://nichriodain.wordpress.com/
Ursula unishionnain http://unishionnain.wordpress.com/
Daire dmacg http://dmacg.wordpress.com/
Seán seanfod http://seanfod.wordpress.com/
Treasa oloughlt http://oloughlt.wordpress.com/
Breda breda1 http://breda1.wordpress.com
Veronica veronicamcclafferty http://veronicamcclafferty.wordpress.com/
Ranganna:Eagarthóireacht