Cartlann

Archive for Deireadh Fómhair, 2010

An togra scríbhneoireachta

Deireadh Fómhair 27, 2010 Freagra

Tá ábhar pioctha faoin am seo ag an chuid is mó den rang don togra seo.  Ná déanaigí dearmad go bhfuil fáilte roimh iontrálacha ar an mblag roimh na spriocdhátaí maidir le bhur dul chun cinn ar an ábhar atá pioctha agaibh go dtí seo.  Tugann sé sin deis do dhaoine eile sa rang (go háirithe na piaraí atá sa léaráid) aiseolas a thabhairt daoibh ar bhur gcuid smaointe faoin ábhar go dtí seo.  Seo liosta na n-ábhar atá roghnaithe ag daoine don tionscadal go dtí seo:

Ábhar Ainm an Mhic Léinn
1 Cúrsaí Eitice. Déan cur síos ar an gcúram faoi leith nach mór a dhéanamh do chúrsaí i gcás: Taighde breathnóireachta dírithe ar pháistí bunscoile ar fhearann na scoile Séamus Ó Coileáin
2 Cúrsaí Eitice. Déan cur síos ar an gcúram faoi leith nach mór a dhéanamh do chúrsaí i gcás: Taifead agus cuntas á thabhairt ar thorthaí taighde
3 Cúrsaí Eitice. Déan cur síos ar an gcúram faoi leith nach mór a dhéanamh do chúrsaí i gcás: Taighde dírithe ar ionad oibre an taighdeora
4 Cúrsaí Eitice. Déan cur síos ar an gcúram faoi leith nach mór a dhéanamh do chúrsaí i gcás: Taighde ar-líne
5 Eifeacht Hawthorne Treasa Ní Lochlainn
6 Códú Cormac Ó Feinneadha
7 Modhanna le trascríbhneoireacht a dhéanamh
8 Scálaí Likert Sinéad Ní Mhearnóg
9 Agallaimh leath-struchtúrtha Veronica McClafferty
10 Grúpaí fócais John Toolan
11 Breathnadóireacht Neamhrannpháirteach Criostóir Ó hUigín
12 An bogearra EndNote Breda Ní Mhaoláin
13 Dearadh suirbhéanna Marie Ní Chríodáin
14 Staitisticí tuairisciúla Julie O’Farrell
15 Feiniméaneolaíocht Eimear Ní Cheallaigh
16 Teoiric Bhunata (grounded theory) Dáire Mac Gormáin
17 Modhanna samplála neamh-dhóchúlachta
18 Plé ar a bheith ag taifead do chuid taighde
19 Eitneagrafaíocht Ursula Ní Shionnáin
20 Gníomhthaighde
21 Píolótú
Advertisements
Ranganna:Tionscadal 2