Baile > Eagarthóireacht > Fáilte romhaibh

Fáilte romhaibh

Meán Fómhair 14, 2010 Freagra Go to comments

A Chairde,

Rinne sibh an-obair inné.  Beidh an blag seo in úsáid mar bhlag riaracháin don mhodúl.  Beidh Laoise socraithe suas mar chomh-riarthóir ar an mblag.  Scríobhfar cúpla iontráil le cabhrú libh dul i dtaithí ar thimpeallacht WordPress agus le sibh a threorú i dtreo foinsí Idirlín a thugann tuilleadh treoracha den chineál seo.  Is dóigh gurb é an chéad áit le breathnú ná faoin nasc “Help” atá thuas ar thaobh na láimhe deise den scáileán.  Is fiú breathnú ar YouTube freisin, áit a bhfuil an-chuid físeáin theagaisc maidir le blag a shocrú suas le WordPress.  Bí cinnte go bhfuil sibh ceangailte tríd an mbanda leathan má tá sibh ag breathnú ar YouTube.
Seo thíos na dintiúirí faoi na blaganna a cruthaíodh go dtí seo:

Ainm Ainm Úsáideora Blag
Blag ranga nmacu & pt803 https://mapt2010.wordpress.com/
Séamus sfocoileain http://sfocoileain.wordpress.com
John jonnt http://jonnt.wordpress.com
Eimear eimearnic http://eimearnic.wordpress.com
Julie julieof http://julieof.wordpress.com/
Sinéad sineadnimhearnog http://sineadnimhearnog.wordpress.com
Chris criostoirohulgin http://criostoirohulgin.wordpress.com/
Cormac ofeinneadha http://ofeinneadha.wordpress.com/
Marie nichriodain http://nichriodain.wordpress.com/
Ursula unishionnain http://unishionnain.wordpress.com/
Daire dmacg http://dmacg.wordpress.com/
Seán seanfod http://seanfod.wordpress.com/
Treasa oloughlt http://oloughlt.wordpress.com/
Breda breda1 http://breda1.wordpress.com
Veronica veronicamcclafferty http://veronicamcclafferty.wordpress.com/
Advertisements
Ranganna:Eagarthóireacht
  1. Meán Fómhair 27, 2010 ag 6:50 rn

    A Néill,
    Níl anseo ach teachtaireacht bheag le cur in iúl duit go bhfuil mo chuntas wordpress socraithe agus in úsáid agam. Ar ndóigh, feicfidh tú anseo gur ‘breda1’ m’ainm úsáideora. Déanfaidh mé iarracht dul i dtaithí ar an gcóras. Go raibh maith agat faoi na nascanna.
    Breda

  2. Meán Fómhair 28, 2010 ag 10:26 rn

    Go raibh maith agat, a Bhreda. Tá do chuid dintiúiri crochta agam anois agus beidh daoine in ann nasc a chruthú go dtí do bhlagsa.

    Beir bua,

    Niall

  3. Meán Fómhair 28, 2010 ag 11:44 in

    A Niall a Chara,
    Táim díreach tar éis mo chéad chéim blag a thógail leis an teachtaireacht seo. Nílim ro-chinnte de go fóill ach ta mo laidhricín san uisce ar aon nós agus caithfidh mé snámh a fhoghlaim, diaidh ar ndiaidh.

    Go raibh maith agat as ucht do chabhrach go dtí seo.

    Beir Bua!

    John

    • Meán Fómhair 29, 2010 ag 8:56 rn

      Maith thú a John. Feicfidh tú go luath nach bhfuil blaganna mórán níos casta ná ríomhphost a sheoladh (chugat féin, ar bhealaí!).

      Niall

  1. No trackbacks yet.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: